Úsáid d’fhón le do chuid baincéireachta a dhéanamh ar do chaoithiúlacht, 365 lá sa bhliain.

Tugann Baincéireacht Fóin AIB seirbhís shlán, rúnda baincéireachta duit a fheileann do do shaol gnóthach. Is féidir leat clárú le haghaidh na seirbhíse seo saor in aisce. Beidh táillí agus muirir idirbhirt i gceist. Gearrfaidh an t-oibritheoir na rátaí caighdeánacha ort as glaonna ar an tseirbhís seo.

Cuirtear Baincéireacht Fóin AIB ar fáil do Chustaiméirí Pearsanta agus do Ghnóthais Bheaga.

Cén Chaoi Clárú

Má tá cuntas bainc, cuntas coigiltis nó cárta creidmheasa agat le AIB, cuir glao orainn ar 0818 724 020 le clárú le haghaidh na seirbhíse seo. De rogha air sin, is féidir leat clárú ar líne le haghaidh Bhaincéireacht Fóin agus Idirlín AIB.

Buntáistí:

  • Seirbhís uathoibrithe atá éasca le húsáid, éifeachtúil

  • Próiseas simplí cláraithe

  • Bíonn fáil ar Chomhairleoirí Seirbhíse do Chustaiméirí le cabhrú le hidirbhearta níos casta

Seirbhísí atá ar Fáil

  • Seiceáil d’idirbhearta agus d’iarmhéideanna cuntais

  • Ordaigh an ráiteas reatha nó cóipeanna de ráitis

  • Clois an PIN le haghaidh do Chárta Dochair Phearsanta Visa

  • Íoc billí agus bainistigh do bhunorduithe

  • Aistrigh airgead idir cuntais in Éirinn

  • Breisigh d’fhón póca

  • Cuir Dochair Dhíreacha SEPA ar ceal*

  • Cuardaigh le haghaidh seiceanna agus cuir stop le seic amháin agus/nó roinnt seiceanna in aon turas, chomh maith le stop a bhaint de sheic*

*Ní féidir ach le Comhairleoir Seirbhíse do Chustaiméirí plé a dhéanamh le hiarratais den sórt seo.

Beidh Léitheoir Cárta AIB/Códchárta ag teastáil i gcás idirbhearta áirithe.

Bíonn Baincéireacht Fóin AIB ar fáil 20 uair an chloig sa lá, faoi réir ár dTéarmaí agus Coinníollacha.

Na Chéad Chéimeanna Eile

Tar éis duit clárú, beidh tú in ann glao a chur ar Bhaincéireacht Fóin AIB ar 0818 724 724* ag aon am le gnáth-idirbhearta a dhéanamh leis an áis uathoibrithe seo. Bíonn fáil ar Chomhairleoir Seirbhíse do Chustaiméirí le cabhrú le hidirbhearta níos casta, nó le cabhrú leat má bhíonn cúnamh uait. Beidh ort d’uimhir chláraithe 8 ndigit agus 3 dhigit randamacha de do Chód Rochtana Pearsanta (PAC) a chur isteach.

*Diailigh 353 1 771 2424 ar an gcoigríoch.

Labhair Linn

Cuir glao ar 0818 724 724 (bíonn na línte ar oscailt de lá is d’oíche, 365 lá sa bhliain), nó buail isteach chuig aon bhrainse de chuid AIB. Aon cheisteanna atá agat faoi Bhaincéireacht Idirlín AIB, beimid iontach sásta iad a fhreagairt.

Cabhair agus Treoir

Cén Chaoi Táillí Cuntais agus Muirir Sheirbhíse a Choinneáil Síos

Faigh amach cén chaoi ar féidir le custaiméirí a gcostais bhaincéireachta a laghdú.

An tIonad Slándála

Tar ar shonraí faoi bhagairtí slándála ar leith i gcoinne chustaiméirí Bhaincéireacht Idirlín agus Mhóibíleach AIB agus ar fholáirimh ar chóir duit bheith ar an eolas fúthu.

An tIonad Cabhrach

Téigh chuig ár nIonad Cabhrach má bhíonn aon cheisteanna agat maidir lenár gcuid seirbhísí.

Íoslódálacha

 

Contact us 

 

Logáil Isteach sa Bhaincéireacht Idirlín

Cuir glao ar 0818724020

Cuir ceist ar AIB ar Twitter

Taispeántas den Bhaincéireacht Idirlín

 

Seirbhísí Gaolmhara

Baincéireacht Idirlín AIB

Baincéireacht sholúbtha cibé uair is mian leat in áit a fheileann duitse.

Baincéireacht Táibléid

Bealach úrnua le do chuid airgid a bhainistiú.

Baincéireacht Mhóibíleach

Anois is féidir leat do chuid airgid a bhainistiú agus tú ar do chois.

Baincéireacht Féinseirbhíse

Sáraigh an scuaine le Baincéireacht Féinseirbhíse AIB.