Smacht ar do chuntais ar fad, is cuma cá bhfuil tú.

Ar cheann den iliomad roghanna baincéireachta móibílí atá againn tá Aip Bhaincéireacht Táibléid AIB, a thugann níos mó bealaí fós duit do chuid airgid a bhainistiú cibé uair is mian leat in áit a fheileann duitse. Ní gá duit ach Aip Bhaincéireacht Táibléid AIB a íoslódáil ó Apple App Store nó ó Google Play Store agus do shonraí logála isteach le haghaidh Bhaincéireacht Idirlín AIB a úsáid le tosú do chuid baincéireachta a dhéanamh ar do tháibléad. Is féidir leat an aip a íoslódáil saor in aisce, ach d’fhéadfadh táillí sonraí a bheith i gceist. Mura bhfuil tú cláraithe le haghaidh Bhaincéireacht Fóin agus Idirlín AIB go fóill, cliceáil anseo le tosú ar an bpróiseas. Tá Baincéireacht Táibléid AIB comhoiriúnach le:

Buntáistí duitse:

  • Déan do chuid baincéireachta go slán sábháilte 365 lá sa bhliain

  • Éasca le húsáid

  • Tar ar ár n-uirlisí bainistithe airgid le cabhrú leat sainaithint a dhéanamh ar spriocanna coigilte.

Seirbhísí atá ar Fáil

  • Mo Bhainisteoir Airgid – ár n-uirlis bainistithe airgid, a chabhraíonn leat cuntas a choinneáil ar do chaiteachas

  • Mo Chuntais – breathnaigh ar d’iarmhéideanna cuntais agus idirbhearta le déanaí

  • Íoc agus Aistrigh – bog airgead idir do chuntais, chuig cuntas Éireannach eile nó chuig cuntas idirnáisiúnta fiú amháin.*

  • Breisigh d’fhón póca, íoc do bhillí, agus déan buanordú a chur ar bun, a leasú nó a chur ar ceal.*

  • Breathnaigh ar do Dhochair Dhíreacha agus cuir ar ceal iad

  • Déan iarratas ar líne ar tháirgí amhail Cuntais ReathaIasachtaí PearsantaRótharraingtí agus a thuilleadh nach iad

D’fhéadfadh táillí agus muirir idirbhirt a bheith i gceist.

Bíonn Baincéireacht Táibléid AIB ar fáil 20 uair an chloig sa lá, faoi réir ár dTéarmaí agus Coinníollacha.

Beidh Léitheoir Cárta AIB/Códchárta ag teastáil i gcás idirbhearta áirithe.

*Beidh teorannacha idirbhirt i gceist

Mo Bhainisteoir Airgid

Uirlis Bainistithe Airgeadais Phearsanta is ea Mo Bhainisteoir Airgid, atá ar fáil do chustaiméirí Bhaincéireacht Táibléid AIB.

Labhair Linn

Cuir glao ar 0818 724 724 (bíonn na línte ar oscailt de lá is d’oíche, 365 lá sa bhliain), nó buail isteach chuig aon bhrainse de chuid AIB. Aon cheisteanna atá agat faoi Bhaincéireacht Idirlín AIB, beimid iontach sásta iad a fhreagairt.

Cabhair agus Treoir

Baincéireacht Táibléid AIB - Cén Chaoi Mo Bhainisteoir Airgid a úsáid

Breathnaigh ar thaispeántas maidir le cén chaoi Mo Bhainisteoir Airgid a úsáid i mBaincéireacht Táibléid AIB

Cén Chaoi Táillí Cuntais agus Muirir Sheirbhíse a Choinneáil Síos

Faigh amach cén chaoi ar féidir le custaiméirí a gcostais bhaincéireachta a laghdú.

An tIonad Slándála

Tar ar shonraí faoi bhagairtí slándála ar leith i gcoinne chustaiméirí Bhaincéireacht Idirlín agus Mhóibíleach AIB agus ar fholáirimh ar chóir duit bheith ar an eolas fúthu.

An tIonad Cabhrach

Téigh chuig ár nIonad Cabhrach má bhíonn aon cheisteanna agat maidir lenár gcuid seirbhísí.

Ceisteanna Coitianta

Breathnaigh ar na Ceisteanna Coitianta maidir leis an mBaincéireacht Táibléid

Athshocraigh Sonraí Logála Isteach i gcomhair na Baincéireachta Idirlín

Anois is féidir leat do shonraí logála isteach le haghaidh Bhaincéireacht Idirlín AIB a athshocrú ar líne.

Íoslódálacha

 

Contact us 

 

Logáil Isteach sa Bhaincéireacht Idirlín

Cuir glao ar 0818724020

Cuir ceist ar AIB ar Twitter

Taispeántas den Bhaincéireacht Idirlín

 

Seirbhísí Gaolmhara

Baincéireacht Idirlín AIB

Baincéireacht sholúbtha cibé uair is mian leat in áit a fheileann duitse.

Baincéireacht Mhóibíleach

Anois is féidir leat do chuid airgid a bhainistiú agus tú ar do chois.

Baincéireacht Fóin

Úsáid d’fhón le do chuid baincéireachta a dhéanamh ar do chaoithiúlacht, 365 lá sa bhliain.

Baincéireacht Féinseirbhíse

Sáraigh an scuaine le Baincéireacht Féinseirbhíse AIB.