Baincéireacht ghasta le AIB

Is iomaí rud is féidir leat a dhéanamh i do bhrainse gan labhairt leis an airgeadóir. Cuireann ár meaisíní bainc Gasta, atá ar fáil inár mbrainsí ar fud na tíre, ar do chumas do chuid baincéireachta a dhéanamh go slán sábháilte ar bhealach gasta, áisiúil. Buail isteach chuig do bhrainse áitiúil de chuid AIB agus beimid in ann lámh chúnta a thabhairt duit lenár meaisíní bainc Gasta.

Tabhair do d’aire go bhféadfadh sé go gcosnódh idirbhearta áirithe níos mó ná a chosnóidís dá n-úsáidfí cainéal eile. Breathnaigh ar ár dTreoir maidir le Táillí agus Muirir i gcomhair Cuntais Phearsanta le liosta iomlán de na muirir a fháil.

Meaisíní Lóisteála Airgid Thirim agus Seiceanna

Bealach iontach áisiúil is ea é seo le hairgead tirim nó seiceanna a lóisteáil gan dul i scuaine ná aon fhoirmeacha ná duillíní a chomhlánú. Léann an meaisín do sheiceanna, comhaireann do chuid airgid thirim agus suimíonn iomlán do lóisteála.

Le lóisteálacha a dhéanamh, caithfidh tú do Chárta Dochair/Chárta Lóisteála Gasta AIB a bheith agat, nó, de rogha air sin, is féidir leat an NSC (Cód Sórtála Náisiúnta) agus an Uimhir Chuntais a chur isteach de láimh. Ansin, ní gá duit ach na treoracha ar an scáileán a leanúint.

  • Lóisteálacha airgid thirim agus seiceanna atá idir éasca agus ghasta

  • Tugtar duillín admhála duit mar dheimhniú ar do lóisteáil

  • Is féidir idir airgead tirim agus seiceanna a lóisteáil in aon lóisteáil amháin

  • Is féidir airgead a thógáil amach as meaisíní áirithe

  • Is féidir an méid atá amuigh ar do Chárta Creidmheasa Pearsanta AIB a íoc le hairgead tirim

D’fhéadfadh táillí agus muirir a bheith i gceist. Féach Treoir maidir le Táillí agus Muirir i gcomhair Cuntais Phearsanta agus Táillí agus Muirir i gcomhair Gnóthas.

Tabhair faoi deara gurb iondúil nach féidir níos mó ná 25 seic ná 120 nóta a lóisteáil in aon idirbheart amháin.

Seiceanna a lóisteáiltear le linn uaireanta oscailte an bhrainse, cuirfear do shochar do chuntais iad tráth nach déanaí ná 7:30 i.n. an oíche sin. Bíodh sin mar atá, seiceanna a lóisteáiltear lasmuigh de na gnáthuaireanta oibre, cuirfear do shochar do chuntais iad tráth nach déanaí ná 7:30 i.n. an lá oibre dar gcionn (is éard is lá oibre ann ná lá, seachas Satharn, Domhnach nó lá saoire poiblí, a mbíonn an banc ar oscailt air de ghnáth).

B’fhéidir go mbeidh ar an mbanc lóisteálacha a dheimhniú. B’fhéidir go mbeidh ar an mbanc eisiúna seiceanna a dheimhniú agus a ghlanadh. Beidh feidhm ag téarmaí agus coinníollacha do chuntais AIB ar aon lóisteálacha a dhéantar isteach sa chuntas sin freisin.

Le tuilleadh eolais a fháil faoi mheaisíní lóisteála airgid thirim agus seiceanna agus uathmheaisíní bainc (UMB), féach an bhileog eolais atá curtha le chéile againn dar teideal Meaisíní Lóisteála Airgid Thirim agus Seiceanna agus Uathmheaisíní Bainc (UMB) - Eolas Áisiúil.

Baincéireacht Bhotha

Rogha ghasta, áisiúil is ea an Bhaincéireacht Bhotha, atá ar fáil inár mbrainsí, a chuireann ar do chumas baincéireacht a dhéanamh gan foirmeacha ná duillíní. Leis an mboth a úsáid, ní foláir duit do Chárta Dochair AIB agus do PIN (Uimhir Aitheantais Phearsanta) a bheith agat, agus/nó d’uimhir chláraithe agus do Chód Rochtana Pearsanta (PAC) le haghaidh na Baincéireachta Fóin agus Idirlín. Ansin, ní gá duit ach na treoracha ar an scáileán a leanúint.

Leis an mBaincéireacht Bhotha is féidir leat:

  • Do Chuntais: Logáil isteach le Cárta agus PIN nó le hUimhir Chláraithe agus PAC le breathnú ar iarmhéideanna agus idirbhearta do chuntas.

  • Do NSC (Cód Sórtála Náisiúnta), uimhir chuntais, BIC agus IBAN a chur i gcló

  • Airgead a Aistriú: Idir do chuntais féin, nó chuig cuntas Éireannach eile

  • Airgead a aistriú chuig cuntais idirnáisiúnta

  • Billí a íoc, lena n-áirítear billí fóntais agus bille do Chárta Creidmheasa AIB

  • Buanorduithe: Buanorduithe a chruthú, breathnú ar chinn atá sceidealaithe cheana, agus iad a leasú nó a chur ar ceal

  • Dochair Dhíreacha: Breathnú ar na dochair dhíreacha atá agat agus iad a chur ar ceal cibé uair is mian leat

  • D’Fhón Póca a Bhreisiú: Aon fhón póca réamhíoctha a bhreisiú ar na líonraí Vodafone, Three agus Tesco Mobile

  • Fógra a thabhairt le hairgead a thógáil amach as do chuntais taisce Online Notice

  • Do ráitis a bhainistiú: Breathnú ar ráitis

  • Logaí Íocaíochtaí: Breathnú ar íocaíochtaí isteach i do chuntais agus amach astu

  • Idirbhearta Stairiúla: Breathnú ar na hidirbhearta go léir ar do Chuntais Reatha agus Cuntais Cárta Creidmheasa le 24 mí anuas agus cuardach tríothu

  • Na hidirbhearta go léir ar do chuntais reatha agus cuntais cárta creidmheasa le 3 mhí anuas a fháil a chur i gcló go gasta

  • Ráitis: Breathnú ar suas le 7 mbliana de ráitis

  • Bainistigh mo Chuid Sonraí – AIB a chur ar an eolas faoi do sheoladh poist nua, do sheoladh r-phoist, agus suas le 3 uimhir fóin

  • Bainistigh do Chártaí Creidmheasa - a thuairisciú go bhfuil cárta ar iarraidh nó gur goideadh é, nóta taistil a chur leis, meabhrú ar do PIN a iarraidh, do shonraí dochair dhírigh a leasú le billí do chárta creidmheasa a íoc, a iarraidh go méadófaí do theorainn chreidmheasa, cárta athsholáthair a ordú

  • Cur isteach ar chárta creidmheasa AIB CLICK

  • Cuntas Online Saver a Oscailt

  • Bainistigh do Chártaí Dochair - a thuairisciú go bhfuil cárta ar iarraidh nó gur goideadh é, nóta taistil a chur leis, nó cárta athsholáthair a ordú

  • Clárú le haghaidh na Baincéireachta Idirlín le go mbeidh tú in ann rochtain ar do chuntais cibé uair is mian leat, cibé áit a bhfuil tú

  • Dearmad Déanta ar Uimhir Chláraithe agus PAC: Meabhrú a fháil ar d’Uimhir Chláraithe le haghaidh na Baincéireachta Idirlín, agus do PAC (Cód Rochtana Pearsanta) a athshocrú

  • Léitheoir Cárta a ordú le húsáid leis an mBaincéireacht Idirlín

  • Stop a chur le seiceanna

Beidh feidhm ag na gnáth-tháillí leictreonacha ar gach idirbheart íocaíochta a dhéantar le Baincéireacht Bhotha AIB. Beidh téarmaí agus coinníollacha i gceist.

*Beidh teorannacha idirbhirt i gceist.

D’fhéadfadh táillí agus muirir a bheith i gceist. Féach Treoir maidir le Táillí agus Muirir i gcomhair Cuntais Phearsanta agus Táillí agus Muirir i gcomhair Gnóthas.

Le heolas a fháil ar na scoithamanna i ndáil le hÍocaíochtaí Idirnáisiúnta, cliceáil anseo

Baincéireacht Fóin

Seirbhís baincéireachta fóin is ea Baincéireacht Fóin AIB, a chuirtear ar fáil do chustaiméirí pearsanta.

  • Seirbhísí Baincéireachta Fóin a úsáid; d’iarmhéideanna cuntais, an méid airgid a bhfuil fáil agat air agus na hidirbhearta is déanaí a sheiceáil, nó an PIN le haghaidh do Chárta Dochair Phearsanta Visa a chloisteáil.

  • Cur isteach ar tháirgí de chuid AIB; cur isteach ar IasachtRótharraingtCárta CreidmheasaCuntas CoigiltisMorgáiste nó Polasaí Árachais.

  • Seirbhísí Cuntais a Úsáid; stop a chur le seiceanna nó cóip de do ráiteas a ordú.

  • Seirbhísí Cárta a Úsáid; a thuairisciú go bhfuil do chárta ar iarraidh nó gur goideadh é, cárta athsholáthair a fháil nó PIN nua a shocrú, a iarraidh go méadófaí teorainn do chárta creidmheasa nó Cárta Lóisteála Gasta a ordú.

D’fhéadfadh táillí agus muirir a bheith i gceist. Féach ár dTreoir maidir le Táillí agus Muirir i gcomhair Cuntais Phearsanta.

UMB (ATM)

Is féidir i bhfad níos mó a dhéanamh ag an UMB seachas airgead tirim a thógáil amach. Úsáid do Chárta Dochair AIB agus do PIN le d’iarmhéideanna a fháil amach, d’fhón póca a bhreisiú, do PIN a athrú, chomh maith le mionráiteas a ordú.

Breathnaigh ar ár nAimsitheoir Brainsí lena fháil amach cá bhfuil an UMB is gaire de chuid AIB.

D’fhéadfadh táillí agus muirir a bheith i gceist. Féach ár dTreoir maidir le Táillí agus Muirir i gcomhair Cuntais Phearsanta agus Táillí agus Muirir i gcomhair Gnóthas. Is féidir suas le €600 a thógáil amach gach lá as cuntas reatha AIB le Cárta Dochair AIB.

Hallaí Féinseirbhíse AIB

Tá Hallaí Féinseirbhíse ag AIB fud fad na tíre, áit ar féidir leat teacht ar ár meaisíní baincéireachta Gasta. Bíonn siad ar oscailt ó 8:00 r.n. go 9:00 i.n. seacht lá na seachtaine.

Tá na Hallaí Féinseirbhíse sna brainsí seo a leanas de chuid AIB:

Sráid Chéipil, Baile Átha Cliath 1

1/4 Sráid Bhagóid, Baile Átha Cliath 2

Sráid Grafton, Baile Átha Cliath 2

COBÁC, Baile Átha Cliath 4

Ráth Garbh, Baile Átha Cliath 6

Droim Conrach, Baile Átha Cliath 9

The Lab, Baile Átha Cliath 14

Baile Bhlainséir, Baile Átha Cliath 15

Bóthar an Náis, Baile Átha Cliath 22

Sráid Phádraig, Corcaigh

Caisleán an Linsigh, Gaillimh

Cill Airne, Co. Chiarraí

Trá Lí, Co. Chiarraí

An Nás, Co. Chill Dara

An tSráid Ard, Cill Chainnigh

Sráid Uí Chonaill, Luimneach

Dún Dealgan, Co. Lú

Sligeach, Co. Shligigh

72/74 An Ché, Port Láirge

An Phríomhshráid Thuaidh, Loch Garman

Cabhair agus Treoir

Cén Chaoi Táillí Cuntais agus Muirir Sheirbhíse a Choinneáil Síos

Faigh amach cén chaoi ar féidir le custaiméirí a gcostais bhaincéireachta a laghdú.

An tIonad Slándála

Tar ar shonraí faoi bhagairtí slándála ar leith i gcoinne chustaiméirí Bhaincéireacht Idirlín agus Mhóibíleach AIB agus ar fholáirimh ar chóir duit bheith ar an eolas fúthu.

An tIonad Cabhrach

Téigh chuig ár nIonad Cabhrach má bhíonn aon cheisteanna agat maidir lenár gcuid seirbhísí.

Teorainn idirbhirt i gcomhair na Baincéireachta Bhotha

Faigh tuilleadh eolais faoi na teorannacha idirbhirt atá i gceist le Baincéireacht Bhotha AIB.

Íocaíochtaí Idirnáisiúnta

Eolas ar Cén Chaoi Íocaíocht Idirnáisiúnta a Dhéanamh.

Eolas Eile

Beidh critéir, téarmaí agus coinníollacha iasachta i gceist.


Íoslódálacha

 

Contact us 

 

Logáil Isteach sa Bhaincéireacht Idirlín

Cuir glao ar 0818724020

Cuir ceist ar AIB ar Twitter

Taispeántas den Bhaincéireacht Idirlín

 

Seirbhísí Gaolmhara

Baincéireacht Mhóibíleach

Anois is féidir leat do chuid airgid a bhainistiú agus tú ar do chois.

Baincéireacht Táibléid

Bealach úrnua le do chuid airgid a bhainistiú.

Baincéireacht Fóin

Úsáid d’fhón le do chuid baincéireachta a dhéanamh ar do chaoithiúlacht, 365 lá sa bhliain.

Banc Pobail

Seirbhísí amhail airgead tirim agus seiceanna a lóisteáil, airgead tirim a thógáil amach, billí a íoc, chomh maith le seirbhís ordaithe agus bailithe airgeadraí eachtracha.