Bíonn d’fhón ar láimh agat i gcónaí, agus le Baincéireacht Mhóibíleach AIB, bíonn do bhanc chomh maith.

Tar ar réimse gnéithe de Bhaincéireacht Idirlín AIB i mbos do láimhe. Íoslódáil an aip le bainistiú do chuid airgid a dhéanamh ina chuid éasca den saol.

Le Baincéireacht Mhóibíleach AIB a úsáid, ní foláir duit bheith cláraithe le haghaidh Bhaincéireacht Fóin agus Idirlín AIB.

Na gnéithe is ansa lenár gcuid custaiméirí

  • Spléachadh Iarmhéid, breathnaigh ar suas le dhá iarmhéid gan logáil isteach

  • Déan íocaíochtaí (tuilleadh eolais thíos)

  • Bainistigh dochair dhíreacha agus buanorduithe

  • Breisigh aon fhón póca réamhíoctha^

  • Breathnaigh ar suas le 7 mbliana de ráitis

  • Tuairiscigh go bhfuil do Chárta Creidmheasa/Dochair AIB ar iarraidh nó gur goideadh é

  • Faigh do shonraí logála isteach, nó athshocraigh do PAC má dhéanann tú dearmad air

  • Déan iarratas ar IasachtIasacht BhreisitheRótharraingt nó Cárta Creidmheasa Click

  • Oscail cuntas Online Saver. An bealach slán, solúbtha, áisiúil le hairgead a choigilt go rialta ar líne.

  • Árachas Taistil duitse agus do do chéile

Rochtain ar réimse roghanna íocaíochta^

  • Aistrigh airgead idir do chuntais féin ar an toirt

  • Aistrigh airgead chuig cuntais Éireannacha eile atá curtha le Baincéireacht Fóin agus Idirlín AIB cheana féin

  • Aistrigh suas le €1,000 sa lá chuig íocaithe nua gan gá duit léitheoir cárta a úsáid le hiad a chur leis

  • Íoc billí nua agus billí atá ann cheana*

*Caithfear Baincéireacht Idirlín AIB a úsáid ar dtús le Cárta Creidmheasa a chur leis, ach beidh tú in ann billí le haghaidh an Chárta Creidmheasa sin a íoc san aip ina dhiaidh sin. Is féidir billí nua fóntais a chur leis agus a íoc san aip ag aon am.

^Beidh teorainneacha idirbhirt i gceist. Tuilleadh eolais le fáil anseo

D’fhéadfadh táillí agus muirir idirbhirt a bheith i gceist.

Bíonn Baincéireacht Mhóibíleach AIB ar fáil 20 uair an chloig sa lá, faoi réir ár dTéarmaí agus Coinníollacha.

Na Chéad Chéimeanna Eile

Tar éis duit clárú le haghaidh na seirbhíse, beidh tú in ann logáil isteach i mBaincéireacht Idirlín AIB le d’uimhir chláraithe 8 ndigit agus 3 dhigit randamacha de do Chód Rochtana Pearsanta (PAC). D’fhéadfadh sé go n-iarrfaí ort ceist slándála eile a fhreagairt ó am go chéile agus tú ag logáil isteach sa Bhaincéireacht Idirlín.

Seirbhísí atá ar Fáil

  • Seiceáil d’idirbhearta agus d’iarmhéideanna cuntais

  • Breathnaigh ar do r-Ráitis agus r-Nótaí Faisnéise faoi Tháillí

  • Íoc billí agus bainistigh do bhunorduithe**

  • Aistrigh airgead idir cuntais sa tír seo agus go hidirnáisiúnta**

  • Breisigh d’fhón póca agus faigh rochtain ar tháirgí ar líne nach bhfaighidh tú aon áit eile

  • Cuardaigh le haghaidh seiceanna agus cuir stop le seic amháin agus/nó roinnt seiceanna in aon turas, chomh maith le stop a bhaint de sheic agus breathnú ar gach seic stoptha i Loga na Seiceanna Stoptha.

  • Breathnaigh ar shonraí faoi íocaíochtaí isteach i Stair na nÍocaíochtaí Isteach.

Beidh Léitheoir Cárta AIB/Códchárta ag teastáil i gcás idirbhearta áirithe.

Bíonn Baincéireacht Idirlín AIB ar fáil 20 uair an chloig sa lá, faoi réir ár dTéarmaí agus Coinníollacha.

D’fhéadfadh táillí agus muirir idirbhirt a bheith i gceist.

Cabhair uait?

  • Breathnaigh ar na Ceisteanna Coitianta maidir leis an mBaincéireacht Mhóibíleach anseo

  • Má tá aon cheisteanna eile agat faoi na seirbhísí a chuireann AIB ar fáil, téigh chuig ár nIonad Cabhrach anseo

  • Más mian leat labhairt le duine den fhoireann, cuir glao ar 0818 724 724. Bíonn ár línte ar oscailt 365 lá sa bhliain, nó buail isteach chuig aon bhrainse de chuid AIB

  • Le teacht ar eolas faoi bhagairtí slándála ar leith ar chustaiméirí Bhaincéireacht Idirlín agus Mhóibíleach AIB agus ar fholáirimh ar chóir duit bheith ar an eolas fúthu, téigh chuig ár nIonad Slándála

Íoslódálacha

 

Contact us 

 

Logáil Isteach sa Bhaincéireacht Idirlín

Cuir glao ar 0818724020

Cuir ceist ar AIB ar Twitter

Taispeántas den Bhaincéireacht Idirlín

 

Seirbhísí Gaolmhara

Baincéireacht Idirlín AIB

Baincéireacht sholúbtha cibé uair is mian leat in áit a fheileann duitse.

Baincéireacht Táibléid

Bealach úrnua le do chuid airgid a bhainistiú.

Baincéireacht Fóin

Úsáid d’fhón le do chuid baincéireachta a dhéanamh ar do chaoithiúlacht, 365 lá sa bhliain.

Baincéireacht Féinseirbhíse

Sáraigh an scuaine le Baincéireacht Féinseirbhíse AIB.