Déan do chuid baincéireachta go slán sábháilte cibé uair is mian leat in áit a fheileann duitse.

Cuireann Baincéireacht Idirlín AIB ar do chumas do chuid baincéireachta a dhéanamh cibé uair is mian leat in áit a fheileann duitse, agus fágann ár réamhchúraimí slándála go gcoinnítear do chuid airgid slán sábháilte i gcónaí. Baincéireacht sholúbtha 365 lá sa bhliain atá ann.

Cén Chaoi Clárú

Tá sé éasca clárú le haghaidh Bhaincéireacht Idirlín AIB agus ní thógfaidh sé ach dhá mheandar ort - is féidir leat clárú ar líne nó glao a chur orainn ar 0818 724 020*. Gheobhaidh tú Uimhir Chláraithe agus Cód Rochtana Pearsanta (PAC), a bheidh tú in ann a úsáid le rochtain ar Bhaincéireacht Idirlín AIB. Cuirtear Baincéireacht Idirlín AIB ar fáil do Chustaiméirí Pearsanta agus do Ghnóthais Bheaga a bhfuil cuntas bainc, cuntas coigiltis nó cárta creidmheasa acu le AIB.

*Diailigh 353 1 771 2424 ar an gcoigríoch.

Na Chéad Chéimeanna Eile

Tar éis duit clárú le haghaidh na seirbhíse, beidh tú in ann logáil isteach i mBaincéireacht Idirlín AIB le d’uimhir chláraithe 8 ndigit agus 3 dhigit randamacha de do Chód Rochtana Pearsanta (PAC). D’fhéadfadh sé go n-iarrfaí ort ceist slándála eile a fhreagairt ó am go chéile agus tú ag logáil isteach sa Bhaincéireacht Idirlín.

Buntáistí:

  • Éasca le húsáid

  • Ráitis chuntais agus ráitis cárta creidmheasa i bhfoirm leictreonach

  • Déan do chuid baincéireachta go slán sábháilte 365 lá sa bhliain

  • Bíonn fáil ar Chomhairleoirí Seirbhíse do Chustaiméirí le cabhrú le hidirbhearta níos casta

Seirbhísí atá ar Fáil

  • Seiceáil d’idirbhearta agus d’iarmhéideanna cuntais

  • Breathnaigh ar do r-Ráitis agus r-Nótaí Faisnéise faoi Tháillí

  • Íoc billí agus bainistigh do bhunorduithe**

  • Aistrigh airgead idir cuntais sa tír seo agus go hidirnáisiúnta**

  • Breisigh d’fhón póca agus faigh rochtain ar tháirgí ar líne nach bhfaighidh tú aon áit eile

  • Cuardaigh le haghaidh seiceanna agus cuir stop le seic amháin agus/nó roinnt seiceanna in aon turas, chomh maith le stop a bhaint de sheic agus breathnú ar gach seic stoptha i Loga na Seiceanna Stoptha.

  • Breathnaigh ar shonraí faoi íocaíochtaí isteach i Stair na nÍocaíochtaí Isteach.

Beidh Léitheoir Cárta AIB/Códchárta ag teastáil i gcás idirbhearta áirithe.

Bíonn Baincéireacht Idirlín AIB ar fáil 20 uair an chloig sa lá, faoi réir ár dTéarmaí agus Coinníollacha.

D’fhéadfadh táillí agus muirir idirbhirt a bheith i gceist.

Labhair Linn

Cuir glao ar 0818 724 724 (bíonn na línte ar oscailt de lá is d’oíche, 365 lá sa bhliain), nó buail isteach chuig aon bhrainse de chuid AIB. Aon cheisteanna atá agat faoi Bhaincéireacht Idirlín AIB, beimid iontach sásta iad a fhreagairt.

Cabhair agus Treoir

Cén Chaoi Táillí Cuntais agus Muirir Sheirbhíse a Choinneáil Síos

Faigh amach cén chaoi ar féidir le custaiméirí a gcostais bhaincéireachta a laghdú.

An tIonad Slándála

Tar ar shonraí faoi bhagairtí slándála ar leith i gcoinne chustaiméirí Bhaincéireacht Idirlín agus Mhóibíleach AIB agus ar fholáirimh ar chóir duit bheith ar an eolas fúthu.

An tIonad Cabhrach

Téigh chuig ár nIonad Cabhrach má bhíonn aon cheisteanna agat maidir lenár gcuid seirbhísí.

Athshocraigh Sonraí Logála Isteach i gcomhair na Baincéireachta Idirlín

Anois is féidir leat do shonraí logála isteach le haghaidh Bhaincéireacht Idirlín AIB a athshocrú ar líne.

Taispeántas den Bhaincéireacht Idirlín

Breathnaigh ar an taispeántas atá againn de Bhaincéireacht Idirlín AIB.

Íoslódálacha

 

Contact us 

 

Logáil Isteach sa Bhaincéireacht Idirlín

Cuir glao ar 0818724020

Cuir ceist ar AIB ar Twitter

Taispeántas den Bhaincéireacht Idirlín

 

Seirbhísí Gaolmhara

Baincéireacht Mhóibíleach

Anois is féidir leat do chuid airgid a bhainistiú agus tú ar do chois.

Baincéireacht Táibléid

Bealach úrnua le do chuid airgid a bhainistiú.

Baincéireacht Fóin

Úsáid d’fhón le do chuid baincéireachta a dhéanamh ar do chaoithiúlacht, 365 lá sa bhliain.

Baincéireacht Féinseirbhíse

Sáraigh an scuaine le Baincéireacht Féinseirbhíse AIB.